Leer en español | Ler em Português | Read in English
Is aontas é CATU Ireland do dhaoine lasmuigh den láthair oibre. Ba mhaith linn na bun smaointe maidir le ballraíocht, comhghníomhaíocht agus daonlathas an phobail a aistriú ón láthair oibre chuig an láthair chónaithe.
Achan lá cloiseann muid fá dtaobh de na deacrachtaí eacnamaíochta atá ag cur isteach ar dhaoine fud fad an oileáin seo: cíosanna ag ardú gan stad agus tuarastail ag fanacht mar i gcéanna, seirbhísí poiblí á scriosadh agus creimeadh déanta ar ár spásanna poiblí. Seo an saol ina bhfuil muid ag maireachtáil ann.
Dúinne, sé muid féin a fháil eagraithe an t-aon dóigh a chreideann muid gur féidir linn iad siúd is ciontaí a bhuaileadh – sin iad na tiarnaí talún, na bainc, comhlachtaí agus polaiteoirí. Caithfidh seo a dhéanamh i dteannta a chéile, ní amháin ar bhonn aonarach. Creideann muid go láidir gur le gnáthdhaoine – tionóntaithe, pobail agus oibrithe – lena luíonn fíor chumhacht an tsaoil, agus ní thiocfaidh athraithe ach amháin má ghníomhaíonn muid le chéile.
Ní do dhaoine a íocann cíos amháin atá CATU, ba mhaith linn gach cineál duine a chumasú lena bpobail agus a dtithíocht a chosaint (a fhad is nach bhfuil siad ag saothrú go díreach ó a bheith ag déanamh tráchtearra de thithíocht nó de phobail).
Is do thionóntaithe chomhairle, do dhaoine le morgáistí, do dhaoine i láithreacha cónaithe éigeandála agus i gcuinsí baolacha atá CATU.
Go bunúsach, a fhad is nach tiarna talún thú (nó duine a dhéanann brabús ar thithíocht is a leithéid), tá fáilte romhat i gCATU!
Is é an fís atá againn nó eagraíocht atá scaipthe fud fad na gcathracha is na bailte ar an oileán seo, ag tarraingt tionóntaithe le chéile i streachailt chomhordaithe in éadan deacrachtaí atá againn uilig.
Tá misneach againn.
Caith súil ar Mhínitheoir an Aontais i gcomhair tuilleadh eolais ar a bheith ag eagrú le CATU.
Glac ballraíocht le CATU anseo.
Tá liosta reatha na ngrúpaí/gcraobhacha áitiúla de chuid CATU le feiceáil anseo.